Translating & Editing - Aistriúchán Agus San Eagarthóireacht - Ar Líne
- Course code
- MH51C
- Level
- Level 9
- Award
- Postgraduate Diploma (Level 9 NFQ)
- Classification
- Major
- Awarding body
- National University of Ireland
- Duration
- Cúrsa páirtaimseartha ar líne thar dhá bhliain Part-time online course over two years
Programme summary
De bhrí go bhfuil ardú stádais bainte amach ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Cuireadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ar bun sa bhliain 2007 le freastal ar an éileamh sin, agus tá idir rath agus ráchairt air ó shin i leith.
Entry requirements
Riachtanais iontrála 1. Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann). 2. Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga, aistriúchán agus píosa scríbhneoireachta). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ach cliceáil anseo thíos. Scrúdú iontrála 3. Agallamh Beidh an scrúdú iontrála ar siúl ar líne Dé hAoine, an 28 Meitheamh 2024. Tábhachtach: Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (28 Meitheamh 2024) agus na scoláireachtaí á mbronnadh. Má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin. Tá líon teoranta spásanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Tabharfar tairiscintí diarrthóirí bunaithe ar na marcanna a gheobhaidh siad sa scrúdú scríofa. Bfhéidir go dtarlóidh go mbeidh Lárionad na Gaeilge ag iarraidh iarrthóirí a chur faoi agallamh mar chuid den phróiseas iarratais.
Who to apply to
Course provider
CareerFit CourseFinder