Máistir sna Dána sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal)

Mary Immaculate College

Course code
QQI level
Level 9
NFQ type
Level 9 NFQ
Duration
Tá an clár seo ar fáil ó thús deireadh ar líne. Laistigh de thréimhse bliana, beidh deis agat MA sa Ghaeilge, ina bhfuil gné na ceannaireachta lárnach, a bhaint amach ar bhealach solúbtha.
Attendance
Online or Distance
CAO points
Degree - Masters (Level 9 NFQ)
Limerick
NFQ Level 9

Course summary

Anuas ar chlár téagartha acadúil, agus deiseanna díriú ar ghnéithe de Litríocht na Gaeilge, d’Ealaíona na Gaeilge, agus den tSochtheangeolaíocht agus den Phleanáil Teanga, beidh fócas láidir freisin ar scileanna gairmiúla a fhorbairt. Forbrófar sárscileanna teanga, idir labhairt agus scríobh, agus tacar scileanna idirphearsanta, a bheidh ag freagairt do riachtanais chumarsáide na rannpháirtithe féin. Oilfear thú le bheith i d’eiseamláir den dea-chleachtas i gcomhthéacsanna éagsúla teanga, cultúir agus pobail agus beidh tú in ann riachtanais a aithint agus deiseanna a thapú maidir le do réimsí féin agus ar bhonn eagraíochtúil. Sealbhóidh tú na scileanna cuí le pleanáil a dhéanamh, athrú a thabhairt i gcrích agus spriocanna a bhaint amach.